Killykeen_cavan_lakelands

An Chomhairle Fhéin

Aitheasc an Bhainsteora

Aitheasc an Bhainsteora

Is léir go mbíonn suímh idirlín in úsáid go forleathan sa lá atá inniu ann ní hamháin ar son eolais ach chun gnóthaí a chur i gcrích le ranna rialtais.

Bíonn deis ag an bpobal dul i dteagmháil trín suíomh agus eolas ar a gcuid gníomhaíochtaí a uaslódáil.  I dteannta suíomh a úsáid chun plé leis an rialtas baineann lucht gnó leas as an mianach fógraíochta  agus bolscaireachta ar mhaithe leo féin.

Céim an-mhór ar bhóthar fhada is ea an suíomh seo againne.  Ní mór don bhóthar úd ainm an Chabháin a chur chun cinn mar cheannródaí i gcúrsaí eolais.  I lár na gcúrsaí seo beidh an Idirlíon in úsáid ag cách idir óg agus aosta.

Dá bhrí sin caithfear a bheith tarraingteach, cuimsitheach agus tráthúil.

Tá súil agam go mbeidh an suíomh seo mar fhóram do mhuintir an Chabháin ar fud an domhain agus iad ag dul i dteagmháil lena gcontae dúchais.  Beidh léargas dearfach ar fáil ag lucht infheistíochta.  Tá sé ríthábhachtach go mbeidh suímh na seirbhísí poiblí ceangailte lena chéile go soiléir chun go mbeidh teacht go héasca ar eolas agus ar chomhairle a bheadh ag teastáil ó chustaiméirí.  Cuirfear an-shuim sa suíomh nua www.cavan.ie atá á fhorbairt faoi láthair

Amach anseo tá gach seans go mbeidh an pobal in ann gnó a chur i grích trí na meáin leictreonacha.  Is fearr go mór do mhótarcháin nó muirear seasta uisce a íoc, fiú ticéid a cheannach don amharclann agus tú istigh sa bhaile seachas a bheith i do sheasamh sa scuaine.  Tá rún daingean againn cur go mór lena leithéid de sheirbhísí ar an suíomh seo againne.

Tomás O Riain

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Comhairle Chontae an Chabháin

Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.