Public Participation: Identification of Bathing Waters

Local authorities must identify official bathing areas in their area every year so that they can be monitored for safety, water quality and their level of use. To help with this process, Cavan County Council is asking people who swim at beaches, lakes, and rivers to tell them if they think they should maintain existing designated bathing waters designations or give a new official bathing area designation to areas that are commonly used for swimming, but not identified at the moment.

 Under European and Irish law, Irish local authorities must identify bathing waters each year so that these areas can be monitored to ensure they meet stringent microbiological water quality standards. In some cases, the official bathing areas are also the areas where local authorities focus their resources providing lifeguards during the summer season. These laws also require that the local authority prepares detailed descriptions or profiles for each of the identified bathing water sites that describe not just the bathing area but also areas in the surface waters catchment area that could be a source of pollution. The profiles include an assessment the risk of pollution and what action would be taken if pollution occurs.

If you are a regular swimmer and want to help your Council decide which bathing areas should be classified as such, it might be helpful to consider the following:

  • How your swimming area has been used up to now;
  • How many people use the site;
  • What facilities exist at the site and how accessible it is;
  • Any safety issues.

If you wish to propose your favourite beach/river etc as a new bathing water site or comment on an existing site, please contact:

Water Safety Development Officer
Cavan County Council
Johnston Central Library
Cavan Town
H12C9K1

Email: wsdo@cavancoco.ie

Closing date for submissions to Cavan County Council is 9 June 2022.

 

 

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

 Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Contae an Chabháin ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

 Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú leis an gComhairle áitiúil a chinneadh cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir, d’fhéadfá cúnamh a thabhairt ach an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • Cén dóigh ar baineadh úsáid as an láthair shnámha go dtí seo;
  • Cá mhéad duine a úsáideann an láthair;
  • Cé na saoráidí atá ar fáil ag an láthair agus cé chomh hinrochtana agus atá an láthair;
  • Aon saincheisteanna sábháilteachta.

Dá mba mhaith leat an trá/an abhainn, etc., is fearr leat a mholadh mar láthair nua uisce snámha nó dá mba mhaith leat trácht a dhéanamh ar láthair reatha, déan teagmháil le wsdo@cavancoco.ie

 Is é an 9 Meitheamh 2022 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Contae an Chabháin.