Killykeen_cavan_lakelands

An Chomhairle Fhéin

Daonacmhainní

Daonacmhainní

Eolas ar an Roinn Daonacmhainní agus ar mhodhanna a chinntíonn go mbíonn dóthain foirne ag Comhairle Chontae an Chabháin.

A mbíonn ar siúl ag Daonacmhainní

Tús eolais ar na seirbhísí ón Roinn Daonacmhainní

Bíonn an Roinn Daonacmhainní ag plé le réimse leathan grád agus ról laistigh de Chomhairle Chontae an Chabháin a earcú, a roghnú, a choimeád agus a bhainistiú.

Ar na róil úd bíonn:

  • Cléireachas
  • Riarachán
  • Proifisiúnta
  • Teicniúil
  • Ceardaíocht
  • Oibrithe Ginearálta agus a leithéid

Tá rún againn oiliúint agus forbairt a sholáthar ar bhonn cothrom dár gcuid fostaithe go léir chun gur féidir leo cur le heolas, le scileanna agus le cumas i dtreo ár gcuid aidhmeanna agus spriocanna a chur i gcrích.

Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta

Baineann an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta lena cinntiú go dtuigeann na meithil éagsúla agus na baill foirne i gComhairle Chontae an Chabháin na haidhmeanna straitéiseacha atá sa Phlean Corparáideach.

Dá bhrí sin cinntítear go mbíonn na meithil agus na baill aonair ag obair i dteannta a chéile chun seirbhís den chéad scoth a sholáthar do mhuintir an Chabháin.

Forbairt Phearsanta

Tá céatadán ard foirne i gComhairle Chontae an Chabháin a phléann forbairt phearsanta le bainisteoirí go rialta.  Ar an gcuma san cinntítear go mbíonn seirbhís ardchaighdeáin againn do mhuintir an Chontae agus í de shíor ag feabhsú.

Má bhíonn aon cheist agat faoin Roinn Daonacmhainní agus faoina mbíonn ar siúl acu, déan teagmhail linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

Daonacmhainní

Folúntais

Conas cur isteach ar na poist a bhíonn ar fáil i gComhairle Chontae an Chabháin.

Folúntais

Luaitear na folúntais is déanaí de réir mar a tharlaíonn sa mhír nuachta  ar an suíomh seo.

Má bhíonn aon cheist agat maidir le folúntais a bhíonn ar fáil laistigh de Chomhairle Chontae an Chabháin, déan teagmhail linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

Daonacmhainní

Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.