Killykeen_cavan_lakelands

An Chomhairle Fhéin

Seirbhísí Corparáideacha

Seirbhísí Corparáideacha

Léargas ar phleananna agus ar sheirbhísí corparáideacha de chuid Comhairle Contae an Chabháin.

Plean Corparáideach Comhairle Contae an Chabháin agus an modh soláthair.

Sa phlean corparáideach tá sé i gceist tógaint ar na gaiscí atá déanta cheana féin agus seirbhís a sholáthar sa todhchaí a bheidh go hiomlán nua-aimseartha.

Beidh sé mar aidhm againn go príomha An Cabhán a chur chun cinn mar ionad taitneamhach do chách, is cuma iad ina gcónaí ann, ag obair, páirteach i gcúrsaí gnó agus infheistíochta nó i gcaitheamh aimsire.

Is iad seo a leanas príomhspriocanna an phlean:

  • Fás inmharthanach a bhaint amach
  • Daonlathas áitiúil a fhorbairt agus a fheabhsú
  • Íomhá dearfach den Chabhán a chur i láthair
  • Seirbhísí a sholáthar do mhuintir an Chabháin ar bhonn éifeachtach
  • Cur le héifeacht agus le cumas Comhairle Contae an Chabháin.

Más maith leat an plean corparáideach a scrúdú, féach led thoil ar an gcáipéis seo:

Cáipéisí

Má bhíonn aon cheist eile agat faoin bPlean Corparáideach, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

Seirbhísí Corparáideacha

Plean Seirbhíse don Chustaiméir

Spriocanna simplí a ligeann dúinn seirbhís den scoth a sholáthar do phobal an Chabháin.

Tá réimse leathan seirbhísí á soláthar ag Comhairle Chontae an Chabháin idir na bunriachtanais mar uisce,séarachas agus bóithre agus iad siúd a bhaineann le caitheamh aimsire mar chúrsaí fóillíochta, na healaíona agus an músaem.

Beidh Comhairle Chontae an Chabháin ag iarraidh seirbhís den chéad scoth a sholáthar de réir na spriocanna atá sa Phlean Corparáideach.

In éineacht leis an bPlean Corparáideach, dréachtadh Plean Seirbhíse don Chustaiméir agus is iad seo a leanas a spriocanna siúd:

  • Díreofar i gcónaí ar an gcustaiméir fein agus ar sheirbhísí costéifeachtach a sholáthar.
  • Forbrófar an ról a bheidh ag an gcustaiméir féin agus caighdeáin á gcinntiú.
  • Rachfar i gcomhairle go leanúnach le custaiméirí agus leis an bhfoireann.
  • Eascófar forbairt ar Ghnóthaí Corparáideacha.
  • Forbrófar acmhainn teicneolaíocht an eolais.
  • Aithneofar tábhacht na Gaeilge.

Tá breis eolais ar fáil sa cháipéis seo maidir le húdarais áitiúla Chontae an Chabháin agus na modhanna soláthar seirbhísí a bhíonn acu.

Cáipéisí

  • Féach ar Chairt an Chustaiméara de chuid údarás áitiúla an Chabháin (pdf, 236.0Kb)
  • Má bhíonn aon cheist eile agat faoin bPlean Seirbhíse don Chustaiméir, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

Oifigeach Caidrimh Custaiméirí

Tuarascálacha Bliantúla

Liosta de na Tuarascálacha Bliantúla a léiríonn ár réimse seirbhísí san am atá caite agus modhanna a soláthair.

Ag seo liosta na dtuarascálacha bliantúla atá foilsithe ag Comhairle Contae an Chabháin.

Tuarascálacha Bliantúla

Má bhíonn aon cheist eile agat faoin na Tuarascálacha Bliantúla, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

Seirbhísí Corparáideacha

Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.